Ériu Dance Company Youth Branch - Na Mic Ua gCorra/Compántas Damhsa Ériu don Aos Óg - Na Mic Ua gCorra
Balor of The Evil Eye/Balor na Súile Nimhe
Ériu Dance Company and its Artistic Director Breandán de Gallaí’s contribution to Earagail Arts Festival this year will be an online video presentation.
The presentations will be collage of work created by the company, much of which has been presented in venues around Donegal, from the company’s inception in 2010 until the present day.
It will introduce two new projects which are at the research and development stage, one of which is in partnership with the EAF, and which will be premiered at the festival in either 2021 or 2022, as the Covid-19 crisis dissipates.
The video will introduce Ériu and its artistic output. It will outline the company’s ethos, contextualise the motivation for its creative choices, and discuss the myriad collaborations with artists of other genres, which are at the heart of Ériu’s artistic process.
The evolution of the company will be elucidated by showing/demonstrating, chronologically, the company work. The video-collage will culminate in a brief introduction to the new youth initiative, Na Mic Ua gCorra, and a sample of work-in-progress of their aspirational production, Balor na Súile Nimhe (Balor of the Evil Eye).
The aim of the youth company is to create high quality, innovative and artistically rigorous performance work for the youth of Donegal, in particular those from the Gaeltacht.
The hope is to have the company housed in Amharclann Ghaoth Dobhair, and to present new work at the EAF annually. In the initial stages, Na Mic Ua gCorra will involve dancers, but will eventually include all the arts forms and genres, and harnessing all the talents of the locality, including oral, song, drama, and music.
The company will have the potential to tour sharing the richness of the culture and talent of the county further afield.
Ériu Dance Company invites you to make a donation to Earagail Arts Festival [ Ссылка ]
I mbliana, léiriú físe ar líne a bheidh á chur ar fáil ag an Chompántas Damhsa Ériu agus a Stiúrthóir Ealaíne Breandán de Gallaí d’Fhéile Ealaíne an Earagail.
Is éard a bheas sa chur i láthair ná meascán de shaothair atá cruthaithe ag an chompántas go dtí seo agus a léiríodh in ionaid éagsúla i nDún na nGall ó bunaíodh é in 2010.
Cuirfear dhá thionscadal úra i láthair a bhfuil taighde agus forbairt á ndéanamh orthu faoi láthair; tá ceann acu á fhorbairt i gcomhar le Féile Ealaíne an Earagail agus léireofar é le linn na féile in 2021 nó 2022, agus deireadh le géarchéim Covid-19.
San fhíseán, cuirfear Ériu agus a shaothar ealaíne i láthair. Tabharfar léargas ar chuspóirí an chompántais, agus ar na nithe a spreagann a scéalaíocht, a n-éiteas, a gcinntí ealaíne agus a gcomhshaothair. Léireofar éabhlóid an chompántais trína saothar a thaispeáint/a mhíniú go cróineolaíoch.
Ag deireadh an léirithe físe seo de shaothar Ériu, tabharfar blaiseadh beag den tionscadal úr dá gcuid do dhaoine óga, Na Mic Ua gCorra, agus sampla beag den saothar uaillmhianach atá i mbun forbartha acu, Balor na Súile Nimhe.
An aidhm atá ag an chompántas seo do dhaoine óga ná saothair damhsa ar ardchaighdeán a chruthú atá nuálach agus críochnúil ó thaobh na healaíne de d’aos óg Dhún na nGall, go háirithe iadsan a bhfuil cónaí orthu sna Gaeltachtaí.
Tá sé mar sprioc acu a bheith lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair agus saothar úr a chur i láthair le linn Fhéile Ealaíne an Earagail gach bliain. I dtús ama, damhsóirí amháin a bheas páirteach in Na Mic Ua gCorra ach beidh cineálacha éagsúla foirmeacha ealaíne agus seánraí ann sa deireadh agus beifear ag teacht i dtír ar an tsaibhreas atá sa cheantar, ó thaobh scéalaíochta, amhránaíochta, drámaíochta agus ceoil de.
Agus an méid sin curtha i gcrích, beidh an compántas réidh le dul ar chamchuairteanna, rud a thabharfaidh deis dóibh saibhreas an chultúir agus buanna ealaíontóirí an cheantair a léiriú níos faide ó bhaile.
Ba mhaith le Compántas Damhsa Ériu go dtabharfá síntiús d’Fhéile Ealaíne an Earagail [ Ссылка ]
Earagail Arts Festival, Donegal's premier summer event brings you a reimagined condensed festival of Srutháin (Small Streams), 9th to 26th July, an 18-day line-up of online and radio performances, interactive arts, masterclasses, and nomadic pop-up theatre. Visit [ Ссылка ]
Illustration by Dermot Flynn, [ Ссылка ]
Animation by Paul King Motion [ Ссылка ]
Earagail Arts Festival is brought to you in association with Fáilte Ireland, Wild Atlantic Way, Arts Council Ireland and Donegal County Council.
Website: [ Ссылка ]
Facebook: [ Ссылка ]
Twitter: [ Ссылка ]
Instagram: [ Ссылка ]
YouTube: [ Ссылка ]
Ещё видео!