Trasna na dTonnta
Curfá:
Trasna na dtonnta, ‘gabháil siar, ‘gabháil siar,
Slán leis an uaigneas is slán leis an gcian,
Gealfaidh mo chroí agus gealfaidh an ghrian,
Geal bheith ag filleadh go hÉirinn.
Chonac mo dhóthain de thíortha i gcéin,
Ór agus airgead, saibhreas an tsaoil,
Éiríonn an croí 'nam le breacadh gach lae
’S mé ’g druidim le dúiche mo mhuintir’.
Curfá
Muintir an Iarthair, ’s iad cairde mo chroí,
Fáilte is féile, beidh romham ar gach taobh,
Ar fhágáil an tsaoil seo, ’s é a ghuím ar an Rí,
Gur leosan a shínfear i gcill mé.
Curfá
Ещё видео!